Torthaí

Gníomhartha le torthaí

Chun torthaí a mhínigh, féachfaimid ar cúpla gníomhartha a thagann le Setanta. Mar shampla, tagann Setanta leis an gníomh fad. Úsáideann tú fad chun fad liosta nó téacs a fháil.

liosta := [0, 1, 2]
scríobh(fad(liosta)) >-- Scríobhann sé seo "3"

ainm := 'Cú Chulainn'
scríobh(fad(ainm))

Nuair a úsáideann tú fad faigheann tú toradh ar ais, go háirithe fad an liosta nó fad an téacs.

Mar an gcéanna, tá toradh ag an gníomh go_uimh. Úsáideann tú go_uimh chun téacs a aistriú go huimhir. Mar shampla:

go_uimh('123') == 123

Is é 123 toradh an ghnímh go_uimh.

Ár dtorthaí féin

Is léir go bhfuil torthaí an-úsáideach. Is féidir linn gníomhartha le torthaí a cruthú leis an bhfocal toradh. Abair gur mhaith linn gníomh a cruthú chun dhá uimhir a shuimiú. Is féidir linn é seo a scríobh:

gníomh suim(a, b) {
    toradh a + b
}

Anois nuair a glaoimid ar suim le suim(a, b), faighimid ar ais a + b. Bain triail as anois!

An gníomh suim

Sampla níos casta

Anois meascaimid lúba, gníomhartha agus torthaí chun gníomh a cruthú chun gach uimhir i liosta a shuimiú.

Ar dtús cruthaímid creatlach an ghnímh:

gníomh suimLiosta(liosta) {
}

Anois teastaíonn uainn dul thar gach uimhir san athróg liosta. Caithimid lúb a úsáid chun dul ó thús an liosta go dtí an deireadh. Ar dtús féachaimid ar liosta[0], ansin liosta[1], liosta[2] etc. go dtí an deireadh. Úsáidimid fad chun fad an liosta a fháil.

gníomh suimLiosta(liosta) {
    le i idir (0, fad(liosta)) {
        
    }
}

Anois cruthaímid athróg chun an suim a stóráil.

gníomh suimLiosta(liosta) {
    suim := 0
    le i idir (0, fad(liosta)) {
        
    }
}

Anois, sa lúb, nuair atáimid ag féachaint ar an uimhir an liosta san áit i, suimímid liosta[i] agus an athróg suim le chéile agus cuirimid an toradh ar ais i suim.

gníomh suimLiosta(liosta) {
    suim := 0
    le i idir (0, fad(liosta)) {
        suim = suim + liosta[i]
    }
}

Nuair atá an lúb críochnaithe is é suim an liosta iomlán an luach atá san athróg suim. Anois níl aon rud le déanamh ach cuir an luach sin i dtoradh an ghnímh leis an focal toradh.

gníomh suimLiosta(liosta) {
    suim := 0
    le i idir (0, fad(liosta)) {
        suim = suim +  liosta[i]      
    }
    toradh suim
}

Anois is féidir linn bain triail as an gníomh. Úsáid é chun an liosta [1, 2, 3, 4] a shuimiú le suimLiosta([1, 2, 3, 4]) agus féach ar an toradh. Faighimid 10, mar tá 1 + 2 + 3 + 4 cothrom le 10.

Oibríonn suimLiosta

NB

Oibríonn an focal toradh cosúil le bris. Nuair a leanann Setanta toradh, stopann an gníomh go hiomlán. Chun é seo a mhínigh, féach ar an gníomh seo:

gníomh f() {
    scríobh('Dia duit')
    toradh 'Críochnaithe'
    scríobh('Dia is Muire duit')
}

f()

Toradh NB

Ní scríobh an ríomhchlár ‘Dia is Muire duit’ mar stop sé nuair a shroich sé an líne toradh 'Críochnaithe'.

Nuashonraíodh: