Má agus lúba
Má … nó …
Is féidir leat rogha a dhéanamh i do ríomhchlár! Úsáidimid an focal má
chun seiceáil a dhéanamh, agus ansin rogha a dhéanamh le toradh an seiceáil. Féach ar an ríomhchlár seo.
aois := 14
má aois >= 13 & aois <= 19
scríobh('Is déagóir thú')
nó
scríobh('Ní déagóir thú')
Seiceálann an ríomhchlár seo go bhfuil aois
idir 13 agus 14. Má tá sé fíor, scríobhann sé ‘Is déagóir thú’, mura bhfuil sé fíor scríobhann sé ‘Ní déagóir thú’.
Is féidir linn an struchtúr seo a úsáid arís is arís, mar seo
má ainm == 'Oisín'
scríobh('Oisín, tar liomsa go Tír na nÓg')
nó má ainm == 'Fionn'
scríobh('Dia duit Fionn, an bhfuil Oisín anseo?')
nó
scríobh('Tá brón orm, Níl aithne agam ort')
- Má tá
ainm
cothrom le ‘Oisín’, scríobhann an cód sin ‘Oisín, tar liomsa go Tír na nÓg’. - Mura bhfuil
ainm
cothrom le ‘Oisín’, ansin seiceálann sé go bhfuilainm
cothrom le ‘Fionn’, más ionann iad scríobhann sé ‘Dia duit Fionn, an bhfuil Oisín anseo?’ - Mura bhfuil
ainm
cothrom le ‘Oisín’ nó ‘Fionn’, ansin scríobhann sé ‘Tá brón orm, Níl aithne agam ort’
Úsáid {
agus }
chun grúpa treoracha a cruthú.
má x == 6 {
scríobh(x)
scríobh(2 * x)
} nó {
scríobh(x)
scríobh(3 * x)
}
Is féidir leat ma
agus no
a úsaid mura féidir leat ‘á’ nó ‘ó’ a chlóscríobh.
Lúba
Bainimid úsáid as lúba nuair a bhfuil gá dúinn rud a dhéanamh arís ‘s arís eile.
Le .. idir ..
Nuair atá fhios againn cé mhéad uair a bhfuil gá dúinn an rud a dhéanamh, is féidir linn úsáid an lúb seo
le i idir (0, 10)
scríobh(i)
Scríobhann an ríomhchlár seo gach uimhir idir 0 agus 10, ní scríobhann sé 10 mar stopann an lúb roimh an uimhir deireanach.
Is féidir leat uimhir eile a chur idir na lúibíní chun an céim idir na huimhreacha a athrú. Mar shampla
le i idir (0, 10, 3)
scríobh(i)
Scríobhann é sin 0, 3, 6, 9
mar tá méid an chéim 3.
Sampla
Úsáidfimid lúb chun liosta a cruthú de gach uimhir idir 0 agus 10.
liosta := []
le i idir (0, 10) {
liosta = liosta + [i]
}
scríobh(liosta)
Rith an cód sin agus féach ar an gconsól.
Nuair-a
Tá lúb níos simplí ar fáil freisin le ainm nuair-a
.
Ar dtús seiceálann an lúb an téarma tar éis nuair-a
, má bhfuil sé fíor leanann sé na treoracha sa lúb, agus téann sé ar ais go dtí tús na lúibe. Mura bhfuil sé fíor, briseann sé amach as an lúb. Déanann sé é seo arís is arís go mbeidh an téarma bréagach.
Sa sampla seo a leanas, ritheann an lúb 5 uair, agus ansin tá x
cothrom le 6
, go háirithe níl x < 5
, agus mar sin tá an lúb críochnaithe.
x := 0
nuair-a x < 5 {
scríobh(x)
x = x + 1
}
Faighimid 0, 1, 2, 3, 4
.
bris & chun-cinn
Sa dá lúb sin, le idir
agus nuair-a
, is féidir leat na treoracha bris
agus chun-cinn
a úsáid. Déanann bris
díreach an rud a deir sé, briseann sé amach as an lúb. Má leanann Setanta an treoir sin, stop sé an lúb agus leanann sé ar aghaidh tar éis an lúb.
x := 0
nuair-a x < 100 {
má x == 10
bris
scríobh(x)
}
Scríobhann an lúb seo 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
, agus ansin tá x == 10
agus brisimid as an lúb.
Déanann chun-cinn
rud difriúil. Téann chun-cinn
díreach go dtí barr na lúibe, agus tosaíonn sé leis an gcéad ceann eile. Mar shampla:
le i idir (-10, 10) {
má i < 0
chun-cinn
scríobh(i)
}
Scríobhann an lúb seo 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
mar le gach i < 0
, leantar an treoir chun-cinn
agus tosaímid leis an gcéad uimhir eile.
Sampla mór
Tá sampla againn anois a úsáideann gach rud a chonaiceamar, lúba, má
, athróga, an stáitse …
Rith an cód seo agus féach ar an stáitse:
dath@stáitse('gorm')
>-- Na súile
ciorcalLán@stáitse(200, 200, 50)
ciorcalLán@stáitse(400, 200, 50)
dath@stáitse('dearg')
x := 100
y := 400
>-- Béal
le i idir (0, 40) {
dron@stáitse(x, y, 20, 20)
x += 10
má i < 10
y += 3
nó má i < 20
y += 1
nó má i < 30
y -= 1
nó
y -= 3
}
>-- srón
dath@stáitse('oráiste')
cruthLán@stáitse([[300, 270], [270, 350], [330, 350]])
Anois téigh go dtí an chéad teagaisc eile: gníomhartha