Setanta 101
Matamaitic
Is féidir le Setanta matamaitic a dhéanamh.
Clóscríobh scríobh(2 * 3)
isteach san eagarthóir, cliceáil ar an gcnaipe tosaigh agus féach ar an gconsól. Beidh 6
scríofa ansin.
Féach cad a scríobhann an ríomhchlár seo
scríobh(2 + 2)
scríobh(4 * (2 + 3))
scríobh(5 == 5)
scríobh(5 == 6)
scríobh(5 != 6)
Tá sé seo sa chonsól.
4
20
fíor
bréag
fíor
Go háirithe, tabhair faoi deara gur déanann ==
agus !=
comparáid idir uimhreacha (agus rudaí eile).
REMOVEME*
Téacs
Is féidir leat téacs a scríobh i do ríomchláir freisin, chonaiceamar é seo roimhe seo leis an ríomhchlár simplí
scríobh('Dia duit')
Cruthaíonn tú téacs le dhá '
. Mar shampla
'Dia duit'
'Is mise Eoin'
Is féidir leat +
a úsáid chun téacs a chuir le chéile
scríobh('Dia duit' + ', ' + 'Eoin is ainm dom')
Scríobhann sé seo Dia duit, Eoin is ainm dom
.
Liostaí
Cruthaigh liosta i Setanta le [
agus ]
, mar shampla:
[1, 2, 3]
['An Dagda', 'Lugh', 'Mór-Ríoghain', 'Nuada']
Tá liostaí an chumhachtach. Tá uimhir ag gach suíomh i liosta. Is féidir leat ball liosta a fháil má bhfuil uimhir shuíomh an bhaill agat. Tugaimid an uimhir 0 ar an chéad bhall den liosta, an uimhir 1 ar an dara ball, an uimhir 2 ar an tríú ball etc.
Má tá uimhir an shuíomh agat, is féidir leat [
agus ]
a úsáid arís chun an ball a fháil. Mar shampla:
['Dia', 'Duit'][0] == 'Dia'
['Dia', 'Duit'][1] == 'Duit'
[100, 200, 300, 400][2] == 300
Is féidir leat +
a úsáid le dhá liosta chun liosta nua dhéanamh.
[1, 2, 3] + [4, 5, 6] == [1, 2, 3, 4, 5, 6]
Tráchtanna
Má scríobhann tú an siombail >--
i do ríomhchlár, is trácht é aon rud a scríobhann tú tar éis é sin ar an líne chéanna, agus ní cuid den ríomhchlár é. Mar shampla
scríobh('Dia duit') >-- Is féidir liom aon rud a scríobh anseo!
>-- Nó anseo freisin.
Tá tráchtanna an úsáideach mar ceadaíonn sé dúinn nótaí a scríobh inár gcuid ríomhchláir.
Athróga
Úsáideann tú athróga chun uimhreacha, liostaí nó aon rud a stóráil. Cuireann tú rud éigin san athróg agus níos déanaí is féidir leat é a fháil ar ais. Ban triail as é seo mar shampla:
x := 10
scríobh(x * 2)
Scríobhann sé 20
amach sa chonsól. Chuir an chéad líne 10
isteach i x
agus d’úsáid an dara líne é.
Sá ríomhchlár seo is athróg é x
. Is féidir linn athróga a úsáid i ngach áit a úsáidimid uimhreacha, téacs nó aon rud.
Cruthaímid athróg nua le :=
Táimid in ann an luach san athróg x
a athrú le =
.
x := 10
x = 20
Anois tá x
cothrom le 20.
Nuair a úsáideann tú =
no :=
, ríomhann Setanta an téarma ar dheis, agus ansin cuireann sé an toradh isteach san athróg ar chlé. Mar gheall ar seo, is féidir linn an athróg céanna a úsáid ar dheis agus ar chlé. Mar shampla:
x := 1
x = x + 2
scríobh(x)
Cad a scríobhann an ríomhchlár seo?
x := 10
y := 2 * x >-- Cruthaigh athróg nua 'y' le luach 20
x = y + x >-- Athraigh an athróg 'x' go 'x + y' = 10 + 20 = 30
scríobh(x)
Is féidir linn athróga a úsáid chun rudaí a tarraingt ar an stáitse freisin. Cuir an cód a leanas san eagarthóir:
mo_dhath := 'dearg' >-- Athraigh an athróg seo chun dath na ciorcail a athrú.
dath@stáitse(mo_dhath)
>-- Cruthaigh na athróga 'x', 'y', agus 'ga'
x := 100
y := 100
ga := 40
ciorcal@stáitse(x, y, ga) >-- Tarraing an chéad chiorcal
x = x + 100 >-- Athraigh 'x' go 200
y = y + 100 >-- Athraigh 'y' go 200
ga = ga * 2 >-- Athraigh 'ga' go 80
ciorcal@stáitse(x, y, ga)
Ag athrú liostaí
Is féidir linn ball de liosta a athrú le =
freisin. Mar shampla:
l := [1, 2, 3]
l[0] = 4
scríobh(l)
Tá an chéad ball den liosta athraithe!
Anois
D’fhoghlaim tú a lán rudaí nua, téigh go dtí an chéad leathanach eile chun foghlaim faoi má
agus lúba.