Ag tosnú le try-setanta.ie

try-setanta.ie

Nuair a théann tú go try-setanta.ie, feicfidh tú rud cosúil le seo.

An chéad leathanach

Cliceáil ar “Oscail an eagarthóir” chun an príomhleathanach a oscailt.

An eagarthóir

Tá trí phíosa ar an suíomh. Is iad an stáitse, an eagarthóir, agus an consól.

Na píosaí

Is féidir leat ríomhchlár Setanta a chlóscríobh san eagarthóir. Ansin nuair a chliceálann tú an cnaipe tosaigh, tosaíonn an ríomhchláir ag rith. Ansin is féidir leis an ríomhchláir cruthanna a tharraingt ar an stáitse, nó frasaí a scríobh amach ar an gconsól.

Sampla

Clóscríobh scríobh('Dia duit') isteach san eagarthóir mar seo.

Muna bhfuil fhios agat conas “í” a chlóscríobh, is féidir leat scriobh a úsáid

scríobh Dia Duit

Anois, cliceáil ar an gcnaipe tosaigh

An cnaipe

Féach anois ar an gconsól!

An console

Comhghairdeas! Scríobh tú do chéad ríomhchlár Setanta!

Ag tarraingt cruthanna

Is féidir leat úsáid Setanta chun cruthanna a tarraingt ar an stáitse.

dath@stáitse('dearg')
ciorcal@stáitse(200, 200, 100)

Athraíonn an chéad líne dath an phinn go dearg. Ansin tarraingíonn an dara líne ciorcal timpeall an pointe (200, 200) le ga 100. Brúigh an cnaipe tosaigh agus féach ar an stáitse.

Ciorcal

Is féidir leat dronuilleog, cearnóg nó aon cruth eile a tarraingt! Bain triail as an cód seo:

dath@stáitse('buí')
dron@stáitse(300, 300, 400, 200)
dath@stáitse('oráiste')
ciorcalLán@stáitse(300, 300, 50)
ciorcalLán@stáitse(700, 300, 50)
ciorcal@stáitse(300, 500, 50)
ciorcal@stáitse(700, 500, 50)

Anois foghlaim níos mó faoi Setanta

Nuashonraíodh: