Gníomhartha
Sa teagaisc seo, bhíomar ag úsáid an focal scríobh
chun rudaí a scríobh amach ar an gconsól. Tugaimid “gníomhartha” ar scríobh
agus a lán rudaí cosúil leis.
Mar shampla scríobh an ríomhchlár seo isteach san eagarthóir:
ainm := ceist('Cad is ainm duit?')
scríobh('Dia duit ' + ainm)
Rith an ríomhchlár sin, clóscríobh d’ainm isteach sa chonsól agus brúigh an eochair iontrála.
Seo é an toradh:
Is sampla eile de gníomhartha é ceist
, is féidir leat ceist
a úsáid chun ceist a chur, agus an freagair a shábháil in athróg éigin.
Ag cruthú ár ngníomhartha féin
Is féidir linn ár ngníomhartha féin a cruthú, déanaimid é sin nuair ba mhaith linn rud éigin a dhéanamh i roinnt áiteanna sa ríomhchlár.
Cruthaímid gníomhartha leis an bhfocal gníomh
.
Mar shampla, déanfaimid gníomh chun ‘Dia duit’ a scríobh ar an gconsól mar seo:
gníomh diaDuit() {
scríobh('Dia duit')
}
Chun an gníomh diaDuit
a úsáid, scríobhaimid diaDuit()
. Bain triail as é sin anois!
Tugaimid ‘corp an gnímh’ ar an cód idir {
agus }
, sa ghníomh diaDuit
is é scríobh('Dia duit')
an corp.
Sampla
Mar shampla: Abair gur mhaith leat an pictiúr seo a tharraingt:
Ba chóir dúinn ceithre phéire ciorcail a tharraingt.
Chun péire ciorcail amháin a tharraingt, scríobhfaimis cód mar seo
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(100, 100, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(100, 100, 50)
Ach cad a scríobhfaimis dá theastódh uainn ceithre phéire a tharraingt? D’fhéadfaimis ríomhchlár an fhada a scríobh mar seo:
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(100, 100, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(100, 100, 50)
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(100, 300, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(100, 300, 50)
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(300, 100, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(300, 100, 50)
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(300, 300, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(300, 300, 50)
Bheadh tú ag scríobh an rud cheanna arís ‘s arís. Áfach, is féidir linn gníomh a cruthú chun péire amháin a tharraingt, agus ansin úsáidfimid é ceithre huaire:
gníomh dháChiorcal(x, y) {
dath@stáitse('dearg')
ciorcalLán@stáitse(x, y, 100)
dath@stáitse('glas')
ciorcalLán@stáitse(x, y, 50)
}
dháChiorcal(100, 100)
dháChiorcal(100, 300)
dháChiorcal(300, 100)
dháChiorcal(300, 300)
Sin i bhfad níos lú cód! Ach cad atá ag tarlú sa ghníomh? Ar dtús caithfimid labhairt faoi argóintí.
Argóintí
Féach arís ar an ríomhchlár scríobh('Dia duit')
. Tugaimid an luach “Dia duit” do scríobh
, agus scríobhann sé amach é ar an gconsól. Sa chás seo, is argóint é ‘Dia duit’. Is luachanna iad argóintí a thógann gníomhartha chun corp an gnímh a dhéanamh.
Is féidir linn argóintí a úsáid lenár gcuid gníomhartha féin freisin. Abair gur mhaith linn gníomh a dhéanamh chun scríobh rudaí trí huaire. Is féidir linn rud mar seo a scríobh:
gníomh tríhuaire(x) {
scríobh(x)
scríobh(x)
scríobh(x)
}
tríhuaire('Is aoibhinn liom Setanta')
Féach ar an toradh!
Anois féach ar ais ar an gníomh dháChiorcal
a chruthaíomar níos luaithe.
Tógann sé dhá argóint, go háirithe x
agus y
.
Tógann an gníomh na argóintí agus cuireann sé an luach sna athróga x
agus y
istigh de corp an gnímh.
Ansin ritheann an cód isteach sa gníomh, ag úsáid na athróga. Tarraingíonn sé an péire ciorcail timpeall an pointe (x, y).